
Cá Bhfuil Puifín Beag?
Tá puifín beag fiosrach ina cónaí ar Sceilg Mhichíl.
Ach níl a tuismitheoirí in ann teacht uirthi ina bpoll.
Cá bhfuil sí?
Is maith an rud é go bhfuil ainmhithe agus éanlaithe na Sceilge réidh chun cabhrú.
An Irish translation of Where Are You, Puffling? by Muireann ní Chíobháin.
Published in Ireland by O'Brien Press.







“Tá an leabhar seo maisithe go hálainn, agus tugann sé beatha na nOileán beo. Ó na sonraí sna líníochtaí go dtí an dath beoga, glacann an leabhar seo an léitheoir ón gcéad leathanach. Cuireann na gníomhartha beaga cineálta ó ainmhithe an oileáin leis an teachtaireacht chroíúil fhoriomlán agus is leabhar an-taitneamhach é seo le léamh ”
“Sa scéal seo, téann puifín beag ag taiscéalaíocht thart ar oileán Sceilg Mhichíl. Téann sí i bhfolach in áiteanna éagsúla fud fad an oileáin. Téann tuismitheoirí an phuifín bhig ar a cuardach agus cuireann siad ceist ar na hainmhithe éagsúla a chónaíonn ann an bhfuil a bpuifín beag feicthe acu. Bainfidh páistí óga an-taitneamh as an scéal seo ina bhfoghlaimítear faoin bhfiadhúlra ar Sceilg Mhichíl. Bainfidh páistí óga agus aosta araon sult as an bpuifín beag a aimsiú sna léaráidí áille tarraingteacha ar gach leathanach”
“No one will be able to resist Puifín Beag. One look at the little bird’s face set against a backdrop of the Skelligs, peering out from the cover of Erika McGann and Gerry Daly’s Irish language book for little ones, and you will be won over”
“Welcome Irish language version of this now well-known picture book … Excellent glossary identifying fish and even seabed plant-life”
'Cá Bhfuil Puifín Beag?' was featured on The Late Late Show's Toy Show!


